Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4142 - TEANGA, SOCHAÍ AGUS SAÍOCHT 2

Year Last Offered:

2023/4

Hours Per Week:

Lecture

2

Lab

0

Tutorial

3

Other

0

Private

5

Credits

6

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Go bhforbrófaí scileanna an mhic léinn sa léamh, sa scríobh, sa tuiscint agus sa labhairt le go mbeadh sé in ann bunchumarsáid chruinn nádúrtha a dhéanamh sa Ghaeilge ar chúrsaí reatha (cúrsaí sóisialta, polaitíochta, geilleagair, timpeallachta agus cultúrtha); go mbeadh tuilleadh de litríocht na linne seo léite aige; go gcothófaí tuiscint níos doimhne ar oidhreacht na Gaeilge i dtimpeallacht fhisiciúil agus shóisialta an lae inniu.

Syllabus:

Ranganna teagaisc: Feabhas a chur ar an gcumas bainte amach faoi GA4121; gramadach agus comhréir na Gaeilge; grinnléitheoireacht ghramadaí ar théacsanna roghnaithe. Léachtaí: logainmneacha, sloinnte agus ainmneacha Gaelacha; an dírbheathaisnéis Ghaeltachta.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn: - Beidh tuiscint níos doimhne aige ar an úrscéal dírbheathaisnéise Gaeltachta agus a ionad i gcorpas litríochta na Nua-Ghaeilge. - Beidh buneolas aige ar an logainmeolaíocht agus ar stair agus eitneolaíocht shloiinnte agus ainmneacha na nGael. - Beidh sé ábalta an teanga a úsáid go cruinn ar réimse leathan ábhar a bhaineann le saol an lae inniu, agus in ann na scileanna cumarsáide sin a chur i bhfeidhm ar réimsí úra.

Affective (Attitudes and Values)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn beidh ar a chumas: - Léirmheas criticiúil a dhéanamh ar an dírbheathaisnéis mar chuid de bhunchloch na litríochta. - Léiriú criticiúil a sholáthar ar ainmneolaíocht dhúchais. - Luach an chruinnis sa scríobh agus sa chaint a léiriú.

Psychomotor (Physical Skills)

Agus an modúl seo curtha i gcích go sásúil ag an mac léinn: - Beidh forbairt ar na scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta s'aige. - Beidh forbairt ar a scileanna foghraíochta.

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Bíonn dhá léacht agus trí rang teagaisc in aghaidh na seachtaine ag an mac léinn. Bíonn aise mhór scríofa le cur isteach, agus mionaistí agus cur i láthair le réiteach le linn an tseimeastair. Bíonn scúdú scríofa agus scrúdú cainte ag deireadh an tseimeastair. Cuirtear béim ar labhairt na Gaeilge le linn na ranganna, idir mhic léinn agus baill foirne agus idir na mic léinn iad féin lasmuigh den seomra ranga.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

Mac GABHANN, M. (1996) Rotha Mór an tSaoil , Indreabhán: Cló IarChonnachta
MACLYSAGHT, E. (1973) The Surnames of Ireland , I.U.P
Ó RUAIRC, M. (1996) Dúchas na Gaeilge , B.Á.C.
Ó CORRÁIN, D. agus MAGUIRE, F. (1990) Gaelic Personal Names , Lilliput
Ó CUÍV, B (1986) Aspects of Irish Personal Names , D.I.A.S

Other Relevant Texts:

Ó RUAIRC, M. (1996) Díolaim d¿Abairtí Dúchasacha , An Gúm
Rialtas na hÉireann (1968) Gramadach agus Litriú na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil , An Gúm

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester - Year to be First Offered:

Spring - 09/10

Module Leader:

Aengus.Finnegan@ul.ie